- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Acht um Míchumas - Ceanglais ar an Oifig
Ceanglaítear ar an Oifig a chinntiú go gcomhlíonann sí altanna 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas 2005 ("an tAcht").
Ceanglaíonn alt 25 den Acht ar an Oifig a chinntiú go mbeidh limistéir dá fhoirgneamh nó dá fhoirgnimh, a bhfuil cead ag an bpobal dul isteach iontu, inrochtana do dhaoine le míchumais.
Ceanglaíonn alt 26 den Acht ar an Oifig a chinntiú go mbeidh a phríomhsheirbhísí lárnacha poiblí inrochtana do dhaoine le míchumais sa mhéid is go mbíonn seo praiticiúil agus oiriúnach. Má mheasann sé gur gá, caithfidh an Oifig cúnamh a sholáthar do dhaoine le míchumais agus iad ag teacht ar a sheirbhísí. Sa chás gur cuí, caithfidh go mbeidh saineolas agus scileanna cuí ar fáil don eagraíocht chun comhairle a thabhairt don chomhlacht poiblí agus é á chinntiú go mbeidh a sheirbhísí inrochtana.
Ceanglaíonn alt 26(2) den Acht ar an Oifig "Oifigeach Rochtana" a cheapadh chun cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine le míchumais agus iad ag teacht ar a sheirbhísí nó socruithe a dhéanamh don chúnamh agus chomhairle sin agus é a chomhordú.
Ceanglaíonn alt 27 den Acht ar an Oifig a chinntiú go mbeidh earraí nó seirbhísí a cheannaíonn sé inrochtana do dhaoine le míchumais.
Ceanglaíonn alt 28 den Acht ar an Oifig a chinntiú go mbeidh faisnéis a thugann sé soláthraithe i bhformáid a bheidh inrochtana do dhaoine le míchumais.